Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 006
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sean bhean i gCaiseal Bhuidhe Amhnach agus bhí feilm talmhan agus ósta aici.”
......Bhí buachaill aimsire aici agus bhí sí an dian air. Bhiodh sé in a shuidhe aici gach maidin san samhradh ó éirighe na gréine go dtí a dul faoi. Bhiodh sé chómh tuirseach sin ar feadh an lae go mbíodh sé ag féuchaint suas ar an n-grein a tnu léithe a dul faoi. Bhiodh na laetheannta chómh fada sin gur sgreadadh sé suas leis an n-grein mar so:-"Coisg ort a grian is fad é do thriall
Ach dhá m-beadha-sa ráithe agus bliadhain
Ag Máire Sheáin Liam
Bheadhá a rith abhaile in to chanter"Thainig saighdiur abhaile as Sasana ar a b-paiste ar cuairt ar a aintín. Nuair a bhí sí a réidhteach dhá chur a chodladh dubhairt sí léithe fhéin "Deamhan an oiread Beurla sa mbaile is a chuireas an saighdiur in a chodladh" "Where is the pillow" ars an saighdiur. "Níl aon filister ann ach cuir do bhríste fada faoi do ceann", d'fhreagar a aintín.Buachaill óg a bhí ag teacht abhaile as cuartuigheacht a bhf [?] san oidhche . Casadh bean sidhe air ar an mbothar agus thuit sé i n-grá leithi chómh mór gur chum sé amhrán dá moladh. Séard adubhairt san amhrán "Dá bfhághainn sé mo roghain de mnáibh breagha an domhain sí Bean Dubh an Ghleanna a bhfearr liom".- Faisnéiseoir
- Padraig Ó hÉanacháin
- Inscne
- Fireann