Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus muna mbeadh tú indon an nead éin sin d'fháil dom bainfidh mé an ceann díot" "Ó níl moill ar bith orm é sin a dhéanamh" arsa mac an Riogh "Teirigh achodladh anois" ars an Scológ gheobhfaidh tú trí ghreim de'n arán donn trí dheoch de'n triomhadh leann agus codladh ar an gcliath fuiriste go maidin
D'éirigh mac an Ríogh go moch ar maidin. Chuaidh sé go dtí an choill. Chonnaic sé an crann agus an nead thuas ina bharr Ars seisean leis féin "Sin é an crann is mó a chonnaic mé ariamh agus ní bheidh mé indon é a fháil go deo. Thug sé iarracht a dhul suas go barr an chrainn ach nuair bhí sé píosa beag suas thuit sé anuas arís. Bhí sé mar sin ar feadh leath an lae agus bhí sé sáruigthe amach. Shíl sé go gcaitfeadh sé tabhairt suas. Bí inghean na Scolóige agus a cuid ban freastal ag siubhal sa gcoill. Chonnaic sí é. Bí truagh aice dó. "Anois" ar sise "tá tú sáruighte amach agus ní bhfuighidh tú an nead mar sin go deo"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe