Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “An Tarbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtí an tráthnóna. Thug sé eochracha dí agus dubhairt sé go raibh cead aice dul ingach áit ar fud an tighe ba mhian leí fein act in aon seomra amháin. Shiubhail sí an teach suas agus síos agus nuair tháinig sí go dtí seomra seo nach bhfuair sí cead a feiceal dubhairt sí leí féin go bhfeicfeadh sí cear a bhí ann. D'fhéach sí isteach agus céard a bhí ann ach colna agus fuil. Do thuig cúpla braon fola amach ar a cosaibh Dhún sí an doras agus rith sí go glanfadh sí a chosa ach dá mbeadh sí agá nighe ó shoin ní ghlanfadh sí iad.
    Chuaidh sí amach annsin ar ceimeanna an chaisleáin go n-íosfadh sí a suipéar. Sé an biadh a bhí aice ná bainne agus leite. Ní raibh sí ibhfad ann go dtáinig cat beag bán chuici agus d'iarr sé braon bainne uirthi ach ní bhfuair sé é. Tháinig spideóg chuice annsin agus diarr sí cuid den leite uirthi ach dhiúltaigh an cailín í chomh maith leis an gcat.
    Tháinig an fear abhaile sa tráthnóna agus nuair a bhí sé i n-am dul a chodhladh ag an gcailín dubhairt sé leithi a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fhlannagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dúráithe, Co. na Gaillimhe