Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag [!] fáil bháis agus nach raibh aon dochtúir indon í a leigheas act dá bhfaghadh sí trí braon uisge an tobair so thoir bheadh sí go maith. Fiú na ndaoine a mbeadh na súile féin bainte asta do leighseochadh sé iad. Nuair tháinig solus an lae isteach chuaidh na cait amach.
Annsin d'éirigh an fear na sheasamh agus bhí sé ag siubhal leis go dtáinig sé go dtí an tobar. Thum sé a cheann san uisge agus fuair sé a radharc. Fuair sé buidéal agus líon sé le h-uisge é. Thug sé do inghean an ríogh agus leigheas sé í.
D'eirigh an inghean agus bhí sí chomh maith agus bhí sí aríamh. Dubhairt sí nach bpósfadh sí aon fhear act an fear a leigheas í. Pósadh iad. Lá amháin bhí sé féin agus inghean an ríogh ag dul amach sa gcóiste agus casadh an fear orra a bhain na súile as agus é an-bhocht. D'fhiafruigh sé den fhear nua-phósta cá bhfuair sé an saidhbreas nó cá bhfuair sé na súile. H-Innseadh dó fé'n gcaisleán agus na cait. "Rachad féin ann" ars(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe