School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 297
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an tam den bhliadhain is mó a phósann daoine ná San Samhradh agus san Éarrach. Ní phósann éinne ar feadh na h-Inide, acht uaireannta phósann daoine lá Fhéile Pádhraig. 'Siad na laetheannta is mó a phósann daoine Dia Luain, Dia Máirt agus Dia Céadaoin.
    Déanann cuid de na daoine cleamhais anois. Déantaoí iad go minic fadó. Tugann na daoine stoc agus airgead don cailín mar spré. 'Sé an rud is mó a thuibhraidís dobhtha fadó bó agus éadaigh mar fortún.
    I dteach an Phobail a bhíonn's an pósadh ar siubhal. Fadó bhí cuid de na daoine i bhfad ón Séipéal, agus is ins na tighthibh a bheadh an pósadh ar siubhal. Bíonn bainfheis mór acu san oidhche. Tagann cáirde ó chúile áit agus bíonn siad ag ithe, ag ól, ag damhsad agus ag seinm.
    San am fadó bhí 'buachaillí tuighe' ag imtheacht. Thagaidís isteach agus an pósadh ar siubhal. Bhíodh sean-éadaigh agus hataí ortha. Bíodh tuighe tart timcheall ar a muineál acu comh maith. Cuireadh na daoine fáilte rompa ag an bainfheis. Bhidís ag déanamh spóirt ag damhsadh agus ag seinm. Gheobhaidís tar ó mhuinntir an tighe agus bhíodh árd tam acu, agus bhí aoibhneas ar na daoine bheith ag éisteacht leo.
    1. Deirtear go bhfuil sé sona pósadh in éadaigh gorma.
    2. Luain soir Máirt siar, Céadaoin an la is fearr acu.
    3. Is sona an bhean ar a spailpeann an grian.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe