School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 317
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá a lán féilí san mbliadhain agus bíonn nósanna ag na daoine i dtaobh cuid acu. Seo í an cuid is mó acu.

    Lá Féile Bríghde
    Déantar cros in ónóir de Naomh Bríghid an lá sin, ionnus go mbeidh sonas ar an teach ar feadh na bliadhna.

    Lá Pádhraig
    Caitheann chuile duine an seamró an lá sin in ónóír de Naomh Pádhraig.

    Inid
    Pósann an cuid is mó do na daoine an tráth seo mar ta sé roimh an gCaorghaos.

    Máirt na h-Inide
    Déantar pancógaí an oidhche sin in ngach theach; agus bíonn spóirt mór ag na daoine.

    An Caorgaos
    Níl sé ceart pósadh an t-am seo mar deirtear nach mbeidh sonas ar an posadh.

    Aoine-an-Chéasta
    An lá is fearr chun obair ar bith a dhéanamh adeirtear.

    Domhnach Cásga
    Tá sé sona éadaig nua a chaitheamh an lá sin.

    Cincís
    Níl sé ceart na caoirigh a bhearradh ar feadh na Cincíse.

    Luain Cincíse
    Níl sé ceart deargadh a dhéanamh ar an talamh an lá sin.

    Lá Bealtaine
    Níl sé ceart deargadh a dheanamh ar an talamh an lá seo freisin ná bainne a thabhairt d'éinne.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway