School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 294
  3. XML “Scoileanna Scairte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí sgoileanna scairte ag na daoine sul ar cuireadh na Sgoileanna Náisiúnta ar bun sa mbliadhain 1831. Bhí dhá ceann sa gceanntar seo agus ceann eile i gCorr-na-Móna. Do bhí máighistirí san áit seo ag múineadh ceann amháin darb ainm Búrca agus ceann eile Coirbín. Taobh istigh a bhíodh na páiste ag foghluim. Ó chondae na Gaillimhe a bhí na muinteóirí. Bhíodh na muinteóirí ag cur fútha i dteach feilméara in aice na sgoile. Annsin thuibhradh gach sgoláire trí pighne don maighistir chun iad a mhúineadh.
    Do múintí Áirmh, léighteoireachta, sgríobhneóireacht agus beagán Tír-Eolas ins na sgoileanna úd. Bhí Gaedhilg ag na muinteóirí agus is ionnta amháin a múintí Gaedhilg. Bhíodh filí ag múineadh ionnta anois agus arís. Bhí grádh ag na múinteóirí don Gaedhilg agus cultuír na h-Éireann. Bhíodh leabhair ag na páistibh, leabhar Gaedhilge, leabhar Tír-Eolais agus leabhar Áirimh.
    Bhíodh na páistibh ag sgríobhadh ar slinnte agus píosa cailce acu. Bhíodh cúpla binnse acu agus shuidhidís ortha. Suidheadh an maighistir ar stól dó féin. Thugadh na máighistírí trí seachtmhaine de na sgoláirí sa Samhradh, seachtmhain fa Nodhlag, agus seachtmhain fá Cháisg mar laethannta saoire.
    Bhí cuid de na sgoláirí sin go han mhaith, agus bhí meas ar óg agus aosta ortha. San am sin ní raibh cead aon sgoile a chur ar bun do Caitilicigh. Bhí an cion ag na Gaedhil ar léighinn, acht mar sin féin níor mhaith leo na sgoláirí a bheith ag dul chuig na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Shúilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    47
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway