School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 335
  3. XML “Díol agus Ceannacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní bhíodh siopaí go flúirseach san áít fadó. Ceannuigheadh na daoine na rudaí a bhí ag teastáil uatha ins na siopaí. Théíghidís go dtí na siopaí ar chapall nó cáirr. Ní bhíodh mórán ag teastáíl ó na daoine an uair sin, mar fataí is mó a d'ithidís. Ní bhíódh earraidhe dha ndíol tar éis Aifrinn.
    Ní bhíodh airgead flúirseach fadó, acht mar sin féin is é a bhí acu 'ghá usáid. Ní malartuighdís earraidhe ar earraidhe eile, acht amháin coirce is fataí. Do thiubhradh na daoine laethannta oibre chun earraidhe. Gheibhidís coirce, cruithneacht nó fataí bfhéídir, do réír na laetheannta oibre.
    Bhíodh leisg ar dhaoine rudaí do dhíol nó do ceannacht ar an Domhnach, mar bhí faitchíos ortha go mbrisfaidís an saoire. Ar luan Cingcíse ní dhéanadh siad aon deargadh ar an talamh.
    Ní bhiodh aon margaidhe ann fadó, acht anois is arís bhéadh ceann i bpáirc mhóir fán dtuaith. Ní bhíodh aon earraidhe 'ghá ndíol ag na margaidhthe fadó, acht amháín ainmidhthe.
    Ní bhíodh mórán peidléírí ná hucstacírí ag dul thart fadó ag díol earraidhe. Éadaighe agus bioráin is mó a bhíodh acu 'ghá ndíol. Anois agus arís ceannuigheadh na daoine rudaí uatha. Bhíódh éadach i gcóír culaith 'ghá ndíol acu freisin, agus ceannuigheadh na daoine go leor éadach uatha.
    Bhiodh airgead fadó ann níos lugha ná leithpighinn ná feoirling. "Sgiúrtóg" a bhí níos lugha ná leithpighinn agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway
    Informant
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Brón, Co. Galway