Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 162
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé amuigh ag fiadhach chuile lá agus lá amhain chuaidh sé amach agus thug sé arán agus bainne leis. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal gur casadh sean bhean leis agus dfhiarr sí píosa aráin air agus thug sé an t-arán dí agus braon bainne. Bhí sí an bhuidheach dhó agus dubhairt sí go dtiubhradh sí rud éicint dhó le bród agus le bronntanas. Racaidh tú isteach sa gcoill adeir sí agus feicfhidh tú fiach dubh ar bárr crainn ag troid le fiach dubh eile agus béidh clóca eatorra agus iad dhá stróiceadh. Caith urchar leo agus an ceann a thuiteas anuas béidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnac
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mám, Co. na Gaillimhe