Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 157
  3. XML “Scéal Beag”
  4. XML “Scéal - Tobar Muire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear amuigh ag fiadhach lá agus mharbhuigh sé girrfhiadh mór. Sé an t-ainm a bhí ar an bhfear Tomás. Thug sé an girrfhiadh abhaile leis agus thosuigh sé dá fheannadh.
    Labhair an girrfhiadh agus dubhairt "a Thomáis chaim na feann". acht níor chuir sin aon fhaitchíos ar Tomás.
    Chuir sé síos ag bruith é, agus nuair a cheap sé go raibh sé bruithte, bhreathnughadh sé sa bpota agus bhí an girrfhiadh imthighte agus annsin seadh scannthruigh Tomás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shamharain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe
  2. Bhí sean fhear ag siubhal na tíre seo fadó agus bhí sé an bhocht. Bhí sé dall freisin. Aon oidhche amháin agus é ina chodhladh bhí aisling aige. Shíl sé go bhfaca sé Maighdean Mhuire agus gur dubhairt sí leis dhul an baile an Tobar agus go bhfuigheadh sé tobar annsin a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.