Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    acht an madadh badh deise agus badh gleoite a chonnaic duine ariamh teacht aníos doras an t-seomra agus ag dul isteach faoi an leaba, amach arís, síos an doras agus toirt éigin ar a dhruim. Leabhair sé le na mnaoi agus dinnis sé di céard a thárla acht nuair a dhúisigh sé fuair sé a pháiste fuar marbh
    Deirigheadar agus dhúisigh siad muinntir an bhaile. Chuireadar an malrach ós cionn cláir sa gclíabhan agus nuair a theann sé amach sa lá chuimhnigh fear an tighe nár thug sé a bhreacfeasta don coin a bhí ceangailte sa gcró. Chuaidh sé amach acht ceárd a dfeicfhidh sé istigh sa gcúinne agus crúba an choin thart air acht a pháiste féin. Thóg sé ina bhaclann é agus theann sé le na chroidhe é agus thug sé isteach é acht nuair a dfhéac sé sa cliabhán, ní raibh corp an pháiste ann.
    Sé a theas a dfhág an mada beag deas a tháinig isteach acht chinn air an uair seo an páiste a thabhairt leis. Bhí an cú roimhe agus bhain sé an páisde de. Táim cinnte go bhfuair an cú aire mhaith ó O Néill uaidh sin amach ní ra nár iongnadh.
    An Críoch
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seámus De Buitléir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe