Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 117
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1. Droichead ar loch gan maide gan cloch (leach oidhre)
2, Gillín ó Gill ag dul thart amuigh ag innseacht
a sgéil gan feadh gan fuil (litir.)
3. Chuaidh Donnacha beag ag an gcoill lá, gac crann a bhain sé, dfhág sé ina dhiaidh é agus gach crann nár bhain sé, thug sé leis é.
4. Chuaidh mé amach ag fiadhach lá, marbhuigh mé máthair na gcéadc, bhruith mé le fíor agus le bréag í, agus chuir mé cipín a bhí sa tórchainn dá iomchur. (breac)
5. Céard sin ar n-aghaidh agus smuc air. (crochadh)
6. Chuaidh mé suas agus síos an bóithrín agus thug mé an bóithrín ar mo druim liom. (dreimide)
7. Muiltín iarann agus rball polann air (snachaidh)
8. Shuid sin ar aghaidh sa gcluid agus dá chéad súil air. (ambhruic)
9. Chuaidh mé suas idir dá chnoc agus tháinic mé anuas idir dá uisge. (dá chann uisge.)
10. Tagann sé isteach ar ghúailib daoine agus rachainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheal Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe