Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Scéal - An Rí a Chaill A Gheall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    t-athair síos san áit seo bhí déanta fá urlár na cistinighe aige, agus bhí bealach aige fhosgailt ós a chionn, nuair a bheadh sé ag tabhairt beatha dhó, agus shíl chuile dhuine go raibh a athair curtha san uaigh le na mháthair.
    Chuala an ríogh go raibh an fear óg seo an chríonna, agus chuir sé fios air lá. Chuaidh sé chuig an ríogh. Tá go maith adeir an ríogh, chuala mé go raibh tú in t-fhearr an chríonna. Cuirfidh mé trí cheist ort agus muna bhfreagreochadh tú dhom-sa i mbárach ceart iad bainfidh mé an cloigeann leis an claidheamh dhíot.
    An chéad ceist cé nídh is measa leat beo. An dara ceist cé nídh is measa leis tú beo, agus an tríomhadh ceist, cé namhad is mó agat. Bí agamsa annseo i mbárach nó go bhfeagreochadh tú na ceisteanna seo. D'imthigh an fear bocht abhaile go brónach, agus shuidh sé ar a chathaoir a bhí ós cionn an áit a raibh athair, agus d'aithnigh an t-athair air go raibh brón air.
    Céard atá ort a mhic adeir an t-athair. Tá adeir an mhac, chuir an ríogh fios orm, agus chuir sé trí cheist orm le bhfreagairt i mbárach, agus muna mbeidh sin agam dhó, bainfidh sé an cloigeann dhíom. Dinnsigh an mac na ceisteanna dá athair a chur an rí air. Ó tá siad sin an éasgaidh adéir an t-athair.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0981: Wisdom of Hidden Old Man Saves Kingdom
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Marcus Óg Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mám, Co. na Gaillimhe