Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 095
- XML “Scéal - Rí na mBréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a thóg ar sé chéad éanacha dhá bhliadhain ag dul thart uirrí. Bhí go maith thug an rígh isteach fata aige. "I bhfaca tú aon fata ag t-athair chomh mór leis sin." Tá fáta ag mo athair a chur ceithre acra do thalmhan agus níor fhás ar an ceithre acra acht aon das amhain agus chuaidh mé fhéin ag an gcnoc agus ruaig mé an sionnach le fanaidh an chnuic agus chuaidh sé isteach sa das agus lean dhá ghadhar é agus chinn sé ortha é chuir amach as an das."
Dimthigh an rígh leis agus spáin sé bheach dhó "i bhfaca tú aon bheach ag t-athair chomh mór leis sin." Tá beach ag mo athair agus bhí sé chéad eile do bheacain beaga léithe agus chuaidh mé fhéin isteach i gcoill, agus nuair a bhí mé sa mbaile, bhí chuile ceanna do na cuid beaga imthighthe. Chuaidh mé ag marcuigheacht ar an mbeach mór agus bhí muid ag siar imtheacht nó go dtáinig mé go dtí poll agus bhí chuile ceann acú báidhte sa bpoll."
"Tá go maith" dubhairt an rígh "cé'n sort fir atá ag t-athair." "Beul tá fear beag aige agus fear ró-bheag agus tá fear mór aige agus fear ró-mhór."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Martain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe