Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 094
  3. XML “Scéal - Rí na mBréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    daoine aige ag iarraidh na h-inghine air agus mharbhuigh sé chuile duine acú. Tháinig buachaill aige lá agus chuaidh sé chomh fada le tígh Rígh na mBréag. Bhí an Rígh imthighte ag fiadhac agus bhí sé in oidhce nuair a dfhill sé, agus bhí an buachaill in a chodladh roimhe. Bhí go maith nuair a deirigh an buachaill ar maidin, tháinig an rígh isteac chuige agus bhí caca aige. "I bhfaca tú aon caca ag t-áthair aríamh chomh mór leis seo. "Chonnaic" dubhairt an buachaill "tá caca ag mo athair a thóg ar seacht gcéad capaill le na thabhairt abhaile ón muilean agus thóg sé ortha bliadhain agus fiche agus nuair a bhí sé sa mbaile aca, léim seacht gcinn den na capaill isteach i mías agus nuair a bhí an caca déanta, bhí ceann acú baidhte ar a bhun agus muid ag deanamh claidhe, agus bhí cúig milliún fear ag obair air, thóig sé ortha bliadhain agus fiche sul a raibh an caca ithte acú."
    Thug an Rígh an buachaill amach agus spáin sé cruach móna dhó. "I bhfaca tú aon cruach ag t-athair chomh mór leis sin." "Tá cruach ag mo athair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Martain Seoighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe