Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bliadhain bhí sé ag imtheacht in a chóisde agus casadh an fear leis a chur sé cúig punt leis go racfhadh an bréag níos fuide ná an fhírinne. Dfhiafhruigh sé de cé'n caoi a raibh sé. Bhfuil fhios agat an fear a bhain tú na héadaigh de anuraidh. Dubhairt sé gur mhaith a chuaidh sé dhó bheith caithte san mainistir agus go mba cheart dhó fhéin an cleas céadhna a dhéanamh agus chuaidh sé isteach ann.
Is gearr gur thosuigh na cait ag cruinniú agus dubhradar le Rígh na gCat sgéal a innsint. Sheas sé suas agus dubhairt sé go raibh duine éicint ag éisteacht leis anuraidh nuair a bhí sé ag innsint sgéil agus gur leighsigh sé inghean an fheirmeóra agus go mbfhéidir go mbeadh sé ann fós. Chuartaigheadar an seomra agus fuaireadar an fear agus thosuigheadar dhá strachadh agus níor fhágadar acht cnámh na lorgan agus chuaidh an fhírinne níos fuide na na bhréag.- Faisnéiseoir
- Marcus O Catháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mám, Co. na Gaillimhe