Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar tá tobar taobh amuigh de'n mhainistir seo agus dá bhfaghadh sí naoi mbraon de'n uisge sin chuirfheadh sí na cait óga amach ar a béal acht ní innseóchaidh muide dí faoí'n tobar seo." Ní raibh fhios acú an raibh an fear ag éisteacht leó agus dimthigheadar nuair a bhí sé ina lá. Chomh luath is dairigh sé imthighthe iad fuair sé sean soitheach agus chuaidh sé go dtí an tobar agus thug sé naoi mbraon de'n uisce go teach an feilméaraidhe.
Sgannradar nuair a chonnaiceadar é ag teacht mar ní raibh aon éadach air acht fuair sé culaith ó'n feirmeóir le cur air agus dubhairt sé go raibh sé i ndhon an inghean a leigheas. Thosuigh an feirmeóir ag magadh faoi acht nuair a dimthigh na doctúirí chuaidh sé isteach san seomra agus thug sé naoi mbraon de'n uisge dí agus dinnis sé dóibh cé'n caoi a bhfuair sé é. Nuair a dól sí an tuisce cuir sí na cait amach thar a bhéal agus thosuigh sí ag feabhsú.
Nuair a bhí sí go maith phós sí an fear agus bhiodar an saidhbhir. Fá cheann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Marcus O Catháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mám, Co. na Gaillimhe