Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Scéal - An Fear a Chaill A Phaidrín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bhí beirt gasúr ag troid le chéile ann agus chuaidh sé isteach sa roilig chuca. Díarr sé céard a bhí ortha agus dubhradar gur cúpla a bhí ionnta, agus gur rugadh an lá céadhna iad agus go bhfuaireadar bás an lá céadhna. Acht níor cuireadh ortha acht aon eas éadach amháin, agus bhíodar dhá tharrainght ó'n a chéile. Dubhradar freisin nach bhféadfhadh siad dul go dtí an flaitheas go mbeadh dhá as éadach agus chuadar ar an bpoinnte go dtí an Flaitheas.
    Dimthigh sé leis annsin go dtáinic sé go teach feilméaraidhe, agus chuaidh sé ar aimsir ann agus in a garradóir bhí sé. Bhí sé ag déanamh go maith ann agus thaithnigh sé go breágh leo. Phós sé inghean an feirmeóra agus fuaireadar an áit. Dfhan sé imthighthe go ceann bliadhain is fiche agus bhí sé ag ceapadh go mbeadh an buachaill sin amach in a shagart. Dubhairt sé leis a mhnaoi gur mhaith leis a athair agus a mháthair a fheiceál má mhaireann siad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Marcus Ó Cathain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mám, Co. na Gaillimhe