Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sise gur mhaith léi a dhul ann acht dubhairt seisean gan a hdul acht chuaidh sí leis faoi dheire. Fuaireadar cóisde agus dhá chapall agus thiomáineadar leó chuig teach a athar agus a mháthair. Bhíodar an sean agus díarr siad lóisdín ortha. Dubhradar nach raibh aon áit acú de na daoinibh uaisle seo. Thugadar an t-athair agus an mháthair leo agus cheannuigheadar culaith eadaigh dóibh. "An bhfuil morán clainne agat" ars an mac leis an sean-fhear. "Tá mac pósta agam, agus tá mac eile agam, agus tá siopa aige, acht tá an ceann is fearr acú an mac is óige imthighthe ó bhí sé in a stócach agus níl fhíos agam cá bhfuil sé."
"An aithneochthá é" ars an mac. "Go deimhin daithneochainn dá bhfeicfhinn é." "Bheul is mise é sin." "Go deimhin ní tú." "Bheul is mé." Chuadar amach maidin dia Domhnaigh ins an gcóisde leis an athair agus an mháthair chuig teach an phobail agus bí an sagart óg ag dul ag léigheamh aifrinn.
Nuair a bhí sé ag dul ag craitheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Marcus Ó Cathain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mám, Co. na Gaillimhe