Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Scéal - Fear na Scuab”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sgáthmhoga, agus thug sé de Séamus iad agus d'ith sé iad.
    Nuair a bhí sé sin itthe aca tháinig an cocaire anuas i gcoinne an éinín don fhear saidbhir. Nuair a thug sí an téinín chuige, bhí an croidhe agus na sgathmhoga ithte, agus d'iarr sé don chocaire ceard deirigh dhóibh, no an raibh aoinne san gcisteannach a dith iad. Dubhairt sise nach raibh ann acht beirt mhac an fheilmeara a tháinig isteach tar éis na sgoile agus go gcaithfeadh grubh iad a dith iad. Bhí an oiread uilc ar an bfear saidbhir is gur dhíbrig sé an feirmeoir agus a bhean agus a inghean amach as an teach agus níor thug cead pósadh don leanamhain óg gur chaith siad dul abhaile aríst. Nuair a tháinig Seán agus Séamus abhaile tráthnona dhibhir an t-athair iad le neart bata agus dubhairt leo gan a theacht i ngiorracht seacht míle don teach aríst go bráth.
    D'imthigheadar leo agus bhíodar ag imtheacht agus ag síor imteacht i gcaitheamh na hoidhche agus aríst lár na bhárach go dtáinig siad go dtí geata teach sgoile agus sheas ag an ngeata. Dhearc an mháighistir amach agus chonnaic iad, agus chuaidh sé amach chun cainnte leo, agus d'innis siad dhó an chaoi a dhibhrigh an t-athair iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Liodain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe