School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 018
- XML “Scéal - Fear na Scuab”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgáthmhoga, agus thug sé de Séamus iad agus d'ith sé iad.
Nuair a bhí sé sin itthe aca tháinig an cocaire anuas i gcoinne an éinín don fhear saidbhir. Nuair a thug sí an téinín chuige, bhí an croidhe agus na sgathmhoga ithte, agus d'iarr sé don chocaire ceard deirigh dhóibh, no an raibh aoinne san gcisteannach a dith iad. Dubhairt sise nach raibh ann acht beirt mhac an fheilmeara a tháinig isteach tar éis na sgoile agus go gcaithfeadh grubh iad a dith iad. Bhí an oiread uilc ar an bfear saidbhir is gur dhíbrig sé an feirmeoir agus a bhean agus a inghean amach as an teach agus níor thug cead pósadh don leanamhain óg gur chaith siad dul abhaile aríst. Nuair a tháinig Seán agus Séamus abhaile tráthnona dhibhir an t-athair iad le neart bata agus dubhairt leo gan a theacht i ngiorracht seacht míle don teach aríst go bráth.
D'imthigheadar leo agus bhíodar ag imtheacht agus ag síor imteacht i gcaitheamh na hoidhche agus aríst lár na bhárach go dtáinig siad go dtí geata teach sgoile agus sheas ag an ngeata. Dhearc an mháighistir amach agus chonnaic iad, agus chuaidh sé amach chun cainnte leo, agus d'innis siad dhó an chaoi a dhibhrigh an t-athair iad.(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Liodain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway