Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in a chodladh é, bhain sí prioc as agus dhúisigh sí é. Tá ceist agam ort adubhairt sí. Tá srúthan san domhan thoir, agus bhí fíon cúpla bliadhain ó shoin ann agus níl ann anois acht uisce. Tá sé sathach éasgaidh é sin fhághail amach ars an fathach. Tá cat annsin agus tá sé ag ól an fhíona agus mar marbhochaidh siad an cat ní bheidh an fíon aca agus tá cránn ann freisin, a raibh bláth óir ag fás air, trí bliadhna ó shoin, agus níl aon bhláth ag fás air anois. Bhuel tá luch mhór annsin ars an fathach agus tá sí ag ól sugha an óir agus mar marbhochaidh siad í sin, ní bheidh aon ór aca.
Thuit sé in a chodladh aríst, agus dhúisigh sí é agus dubhairt sí leis go raibh fear annsin thoir ar an loch le cead bliadhain agus nach bhfuil sé indon é fhághail. Bhuel dá mbeadh an fear sin sathach críona gheobhfadh sé sin amach. Dá dtughadh sé na maidí ramha do dhuine éicint agus é féin leim a thógáil amach sa bhfairrghe, bheadh sé saor. Bhí an buachaill ag éisteacht le chuile fhocal. Chuaidh an fathach amach aríst ag fiadhach, agus nuair a fuair an cailín imthighthe é chuaidh sí féin agus an buachaill amach ag an lachain dhearg. Léim an lacha agus bhuail sí an cailín le na sgiathan, agus thuit an cleitín óir ar an talamh.
Rug an buachaill ar an gleitín agus d'imthigh leis agus é chomh sásta leis an righ. Chuaidh sé chomh fada leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe