Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an loch agus bhí an fear ann roime.
Bhfuil fhios agat ce'n fáth a bhfuil mise annseo le cead bliadhain. "Tá fhios agam ars an buachaill. Ce'n fáth ars an fear. Tabhair soir mé thar an loch agus innseochaidh mé dhuit annsin é. Thug sé soir é agus annsin dubhairt an buachaill leis na maidí ramha a thabhairt de'n chead duine eile a thiocfadh isteach sa mbád agus é féin a chaitheamh isteach sa loch, agus go mbeadh sé saor. Thug an fear sin mála airgead dhó agus d'imthigh sé go dtí an teach, a raibh an crann óir aca. D'innis sé doibh go raibh luch annsin ag bun an chrainn, agus dubhairt sé leo í mharbhughadh. Thug an fear sin mála airgead dhó agus d'imthigh leis go dtí an fear a raibh an sruthán fíona aige agus dubhairt sé leis go raibh cat ag ól an fhíona agus an cat a mharbhughadh. Thug an fear sin mála airgead dhó freisin. Chuaidh sé chomh fada annsin agus bhí a athair ann roimhe. Cá bfuair tú an t-or a dubhairt an t-athair agus dubhairt seisean go raibh sé ag siubhal ar airgead ó shoin. D'imthigh an t-athair annsin agus chuaidh sé go dtí an loch agus bhí an fear ann roimhe agus dubhairt sé leis an bfear é a thabhairt siar. Gabh isteach sa mbád ars an fear agus thug sé na maidí ramha shó agus léim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe