Scoil: Líonán
- Suíomh:
- An Líonán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig M. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Líonán
- XML Leathanach 064
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuireann siad fataí ar an bhfeilm sa mbaile gach bhliain. Ullmuigheann na fir oibre an talamh í gchóir na bhfataí. Cuireann siad aoileach ar an dtalamh sula a gcuireann siad na fataí. Cuireann siad na fataí í-n-iomairí. Le láighe a dheintear an obair seo. Ní bhaineann na daoine úsáid as céachta san áit seo. Do rinneadar láighe i Líonán fadó acht ní dheintear anois iad. Gearann na mná na fataí 'na sciolláin ins na tigthe. Leagtar na sciolláin ar na hiomairí annsin, agus cluduigheann na fir íad le creafóig as an chlais. Fágann siad na fataí mar sin go bhfásann siad os cionn an talaimh. Annsin chuirtear leasú orra agus clúduightear le créafóig aris íad. Nightear íad le spré ar feadh chúpla seachtmhaine ina dhiaidh sin chun íad do chosaint ar an nduibheachán. Nuair bhíonn na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Fathartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann na nGeimhleach, Co. na Gaillimhe