Scoil: Líonán
- Suíomh:
- An Líonán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig M. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Líonán
- XML Leathanach 062
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá seáct ainmidhthe Feilme agam sa mbaile. Tá trí bó, tri gamhna agus asail amháin agam. Níl aon ainmneach orra. Nuair a bhíonn fear ag cur na beithidhigh isteach, deireann sé "go isteach as seo." Tugtar stábla ar theach na mbó. Ceannluighthear na ba le píosa rópa. Cuirtear an rópa isteach ar a gcinn. Níl aon ainim ar an tséid.
Séan-phisreog é seo nuair a gheibheann ceann d'es na beithidigh bás na cosa a baint dé agus iad do cheanglaint le chéile le suaigeán agus iad do chrochadh suas san stábla.
Cuirtear féar mar cosáir faoí na ba. Muna a gheibheann an bó biadh maith tar éis laogh do bhreith caillfidh sí an bainne. Má bhíonn an aimsir fuar caillfidh sí an bainne freisin.
Nuar bhíonn bó tar éis laogh do bhreith ceanghaltar píosa téid deargh ar rubhaill. Deirtear go dtógfhadh na daoine maithe í muna ndéinfeadh siad é sin. Deirtear nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chollanáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muintir Eoghain Láir, Co. na Gaillimhe