Scoil: Líonán
- Suíomh:
- An Líonán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig M. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Líonán
- XML Leathanach 041
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuinneog ag mo mháthair sa mbaile. Chuinneog a tugtar air. Tá sí trí troigh ar fhaid, agus tá sí troigh amháin ar leithead. Déantar í, i gcúigh noiméad dhéag. Tugtar loinithe ar an rud le'na bualtear an bainne. Tá clúdach ar béal na cuinneóige leis an mbainne a choimead síos ins an gcuinneoig. Ní chuirtear aon mharch ar an gcuinneoig chor ar bith.
Déantar an chuinneog dhá uair sa tseachtmhain san Samhradh, agus déantar í uair amháin sa t-seachtmhain san nGeimhreadh. Bíonn níos mo bainne ag na ba ins an Samhradh mar bíonn an fear le fághail aca. 'Sé sin an fáth go ndéantar an chuinneog dhá uair sa tseachtmhain san Samhradh. Déanann mo mháthair an chuinneog. Cuidigheann muid go léir leí má támuid ins an dteach. Má thágann stróinséar nó comhursa isteach nuair a bhíonn sí ag déanamh na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tómas Ó Feathartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann na nGeimhleach, Co. na Gaillimhe