Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Breac beag é an bradán agus is iomdha sgéal a tá tughtha síos faoí. Ainm eile a thugtar air bradán Caoch i Easa Ruadh. Seo é an fáth a tugadh an t-ainm seo air. Tráthnóna amháin bhí fear siubhail ag imteacht thré choill. Ní raibh sé i bhfad amuigh nuair a tosuigh sioc agus sneachta. Deirigh gaoth agus gála. Beígin dhó fanacht san gcoill an oidhche sin. Ar maidin lá ar na amháireach chúala sé cainnt ó's a chinn (?) agus ceard a bhí ann acht iolar agus éan eile. A Bhuachaill a deir an t-iolar an cuimhneach leat leithidhe na h-oidhche areir. Ní cuimhneach a deir an buachaill. Tá daoine lé na cuimhnuighadh a deir an t-iolar. Cé h-iad a deir an Búachaill? Gabha dubh na ceárdchan a deir an t-iolar. Rachaidh go dtí é a deir an Buachaill. Dimthigh roimhe. Ní furasta innseacht an t-anró a fuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cúaláin
- Inscne
- Fireann