Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéilíní Grinn.1/
Bhí fear ann uair agus sé an obair a bhí sé ag déanamh na ina contractar ar an mbóthar. Bhí an-dúil aige san ól. Ní raibh lá ar bith a ngabhfadh sé go dtí an baile mór nach mbeadh sé súghach ag teacht abhaile nó mar déarfadh daoine eile ag tabhairt dhá thaobh an bhóthair leis.
Lá amháin bhí sé ag teacht abhaile agus a dhóthain ólta aige. Casadh doctúr na h-áite dhó. "Beul" ars an doctúr "Feicim go bhfuil dhá thaobh an bhóthair leat." "Ní ionganthas é sin, nach bfuil fhios agat gur contractar mise"2/
Bhí amadán ann uair agus sé an ainm a bhí air Páid a Mhaim. Bhí sé i dteach na stáisiún lá. Bhí sagart ag éisteacht faoisdin thiar sa seomra. Chonnaic Páid na daoine ag dul siar sa seomra, duine ar duine agus ní raibh fhios aige cén fáth. Faoi dheireadh chuaidh sé féin isteach. Dubhairt an sagart leis dul ar a glúnaib agus thosuig sé ag cuir ceisteanna air. D'éirigh Páid dhá ghlúnaibh. Táinigh sé ar ais go dtí an cisteanach. Dubhairt sé leis na daoine "bíodh sibh ar bhur n-aireacas ar an lad thuas, fios atá uaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Patricia Ní Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann