Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear agus bhean ann fadó agus bhí páiste amháín aca agus séan t-ainm a bhí ar an páiste na Brighidh agus an oidhche seo bhí ceól i dteach a bhí taobh amhuigh dóibh agus bhí síád iarttha ag an gceól agus chuaidh síád ag an gceól an oidhche seo agus d'fhág síad an páíste beag istig leis féin agus dún síad an doras agus bhí an páíste ina chodladh nuair a chuaidh síad amhach agus bhí síad ag cheapadh nac mbéadh sí ina dúiseacht nó go mbéid síád isteac ón gceól aríst.Nuair a chuaidh síad ag an gceól bhí síad ag ceapadh nac mbéad síad i bhfadh amuig act céard a rinne síád act fanacht ag an gceól nó go raibh sé thart go léir. Agus nuair a tháínig síad thosuig síad ag glaodach ar an bpáiste agus níor labhair an páíste , agus chuaidh síad go dtí an cliabhán annsin agus ní raibh an páíste ann agus annsin thosuig síad ag tóruigheacht annsin agus ní fhuair síad an páíste agus annsin chuimhnig síad uirthí féín gurbh bé an mada állta a tháinig isteac agus thug leis an páiste agus chuaid síad síos ag an gcoill agus thosuig síad ag tóruigeacht an pháiste agus fuair síad an páíste agus ní raibh tadha air an pháiste agus annsin bhí síad an riméadach agus thug síad leob an páiste abhaile agus ó'n oidhche sin amhach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe