Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 302
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dul chuig an sgoil fadó agus ní bhfuighidís aon bhróga nó go mbíodh siad cúig déag de bliadhanta d'aois. Bíonn bróga ar chuid de na gasúr anois nuair a bhíodh siad tuairim is bliadhain d'aois acht tá gasúr eile ann agus ní bhíonn aon bhróga orra nó go mbíonn siad tuairim is seacht déag de bhliadhanta d'aois. Bhíodh na mná ag obair go cruaidh fadó agus is miotáin is mó a bhíodh orra agus anois bíonn asail aca le haghaidh na hoibre a dhéanamh. Chuile lá san tsean-aimsir bhíodh ar na daoine a bheith amuigh ó'n sé a chlog ar maidin ag tarraingt fheamuinne agus ag tarraingt mhóna agus gan bróg na stoca orra ná mórán dé'n éadach fhéin agus bhfheidir sneachta agus báisteach ann agus iad strompuighthe leis an bhfuacht. Bhíodh cosa na ndaoine sgoutighthe ó na chéile fadó nuair nach mbíodh aon bhróga orra agus bhíodh siad an-tinn freisin. Tá daoine bochta san tír seo faoi láthair agus níor chaith siad aon bhróga ariamh agus tá siad 60 blian d'aois. Deireann na sean-daoine nach ceart uisge na geos a chaitheadh amach acht tá sé ceart é a chaitheadh amach acht na focla seo a rádh,
Chugaibh, chugaibh an t-uisge salach.
Má tá sibh annsin
Imthighidh as an mbealach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Mic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe