Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 284
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige do na daoine a bhí ag obair dhó. Bhí cat ins an teach agus d'fheann sé é agus chuir sé i bhfolach é. Nuair a bhí a ndinnéar ithte aca thug an fear isteach an croiceann agus an cloigeann agus d'fhiafruigh sé dhóibh cé'n fáth ar ith sibh mo chat agus sin é an tam a raibh fhios aca gur cat a bhí ithte aca.
- 13.
D'iarr duine ar dhuine eile cé'n fhad é go dtí an chéad bhaile mór eile agus dubhairt an duine eile "Fiche noiméad siubhail dá mbéadh tú ag rith. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- 15.
Bhí beirt fhear ann fadó agus bhíodar gann in airgead. Éireannach a bhí i nduine aca agus protastún a bhí sa duine eile. Chuaidh siad chuig an sagart ag iarraidh airgid air agus chuaidh an t-Éireannach isteach idtosach. D'fhiafruigh an sagart dhe cá raibh sé ag dul. Dubhairt an fear gur ag iarraidh airgid air a bhí sé. Dubhairt an sagart leis é fhéin a choisreacan agus rinne. Thug an sagart sé sgilleacha dhó. Tháinig sé amach agus d'innis sé don phrotastún gur b'é ar dhubhairt an sagart leis ná é fhéin a choisreacan i mBéarla. Thosuigh an Protastún ag(leanann ar an chéad leathanach eile)