Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Tráchtas ar Fhilí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mar sin é an tainm a thug sé ar an mbochtannas. Rinne sé amhrán bréagh dhó agus bhí sé le h-aghaid an bochtannas a dhíbirt agus le siopa a chur in a áit. Nuair a rinne sé an t-amhrán dubhairt sé acht a dtiocfadh ráidhe an Fhóghmhair nuair a bhéadh chuile shórt saor agus go leór airgid aige go n-dibreóchad sé an bochtannas agus go gceannóchadh sé ubhlaí, builíní, agus líon agus nach mbéadh an bochtannas aige níos mó. Rinne sé go leór amhráin dheasa agus seo cuid aca.

    1) Amhrán a' Taé
    2) An Gréasaidhe
    3) Cúirt an t-Sruthain Bhuide
    4) Na Fataí
    5) Brighdín
    6) An Fear Cam

    Bíonn an chuid is mó de na hamhráin sin le cloisteál ins gach teach faoí láthair ag ceól mar bíonn an-mheas ag muinntir na tíre air. Rugadh é i mBaile na Cille agus bhí sé an-bhocht indeireadh a shaoghail. Ní dheárna sé aon amhrán ariamh ag cáineadh muinntir na tíre seo agus bhí sé dá moladh i gcómhnuidhe. Bhí teach deas aige agus é suidhte ináit an-deas inaice na fairrge. Tugadh go Baile Átha Chliath é mar gheall ar chómh maith is a bhí sé in a fhile agus bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe