Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. 2.
    Bhí an Mhaighdean Bheannuighthe agus a mac ag imtheacht lá freisin mar bhí na saighdiúirí ar a thóir le na mharbhughadh agus bhí sé ag teacht ingar do pháirc a raibh caoirigh ann. Nuair a chonnaic sé na saighdiúirí ag teacht chuaidh sé isteach i mbolg an ghabhair agus thosuigh an gabhar ag dul fíadháin agus ag ritheacht ar fud an gharraidhe. Chuaidh sé amach as an ngabhar annsin agus chuaidh sé isteach san gcaora. D'fhan sí sin in a luighe siar agus níor chorruigh sí chor ar bith. Luigh chuile chaora siar annsin agus ní raibh fhios ag na saighdiúirí cé'n chaora a raibh sé ann. Olann a bhí ag fás ar an ngabhar ar dtús acht mar gheall gur thosuigh sé ag dul fíadháin nuair a bhí Dia istigh ann chuir sé fíonnach ag fás air. Bhí fíonnach ag fás ar an gcaora ar dtús freisin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.