Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na bó.
Tá go leór beithidheach ag cuid de mhuinntir na h-áite seo agus fághann siad go leór airgid orra nuair a díoltear iad.
Seo é an tainm a tugtar ar na beithidhigh nuair a bíghtear ag blaodhach orra ná, "suicín", "suicin," sin é le rádh má thagann sí go bhfuighidh sí sop féir.
Tá asail an-fhairsing san tír seo freisin agus ní tharrnuigheann na daoine móin ná fataí, ná aon chineál eile gan iad.
Tá siad an-láidir agus bíonn cuid aca an-chrosta agus cuirtear "croimeasg" orra, sin rópa a bhíos ceangluighthe ar a muineál agus bíonn sé ag dul síos chuig a geosa [?] tosuigh.
Geibheann siad go leór féir ins na garranntail [?] le níthe agus ní thugann muinntar an tíghe mórán le níthe dhóibh.
Seo é an tainm a tugtar ar an asal nuair a bhíos duine ag blaodhach air, "pruach, pruach,"
Níl capall ar bith ag muinntir na háite seo acht tá go leór aca i dtíortha eile.
Tá siad an-láidir agus bíonn carrannaí an-mhór le na n-aghaidh.
Tá cearca géabha agus lachain an-fharsaing san tír seo freisin.
Bíonn na géabha agus na lachain ag imtheacht ins na portaigh agus ins na claiseacha ag tóraidheacht bídh agus gach rud(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Mhaol-Dia
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe