Scoil: Fearann an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomhnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Chuinneog

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá saghas bairille againn ar a dtugtar cuinneóg i na n-déantar maistreach. Tá sí dhá throigh go leith ón a bun go dtí an barr. Ní hé an méid amháin atá i n-gach cuinneóg. Tá an chuinneóg ag caolughadh go dtí go bhfuil sí dhá throigh go leith ón m-bun. Suas uaidh sin leathnuigheann sí de réir a chéile, agus tugtar caipíin na cuinneoige an méid sin suas. Sé an fhaid ó déineadh í ocht m-bliana déag. Cuinneóg a tugtar ar an n-gléas uilig. Loinithe ar an rud a oibríonn síos suas san uachtar. Tugtar claibín na cuinneoige ar an rud a choinnigheas an bainne ó theacht aníos. Nuair a thosnuigheanns na daoine ag déanamh an bhainne cuireann sias splanc faoi an g-cuinneóg. Dhá dtagadh stróinséir isteach le linn

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádraic Ó Fhlaithbhearta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge