Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 233
- XML “Éan na gCleití nÓrga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d'imtigh leis - an cailin ar chulog agus an t-éan sa gcliabhán óir agus níor togh an capall a chosa an (?) rith gur fhag siad trí scór mile idir iad féin agus an caisleán agus go bhfaca siad an sionnach amach rómpa in a shuidhe i lár an bhothair."Anois" ars an sionnach "Tá do bheirt driathair i nGaillimh imeasg bacach na Cathrach. Má ghlacann tú mo comhairle ní bhacfaidh tú leo - acht más maith leat lámh conganta a thabhairt dóibh ceannuigh cultacha nuadha eadaigh dóibh agus capalla agus tóg leat abhaile iad. Acht má tharluigeann sin cebí sort tart a bheas ort ná tar anuas den capall go racaidh tú abhaile agus slán leat anois go foill. Tá suil agam nach mbeidh mo chongnamh ag teasdail uait nios mó."D'imthigh an buacaill ar a chapall, an cailin ar chulóg, agus an t-éan, éan na gcleití mór san gcliabhan oir ar dhruim an bhuacaill. Shroicheadar Gaillimh agus chonnaic Mac an Riogh a bheirt dhriathair in a seasamh le bacaigh na Cathrach. Labhair sé leo agus nior aithnigh siad é. D'innis sé dóibh annsin gurbe feín a bí ann. Cheannuigh sé capalla doib agus cultacha eadaigh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadg Ó Laidigh
- Inscne
- Fireann