Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Éan na gCleití nÓrga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    air annsin cead a thabhairt duit marcuigheacht a dheunamh thart timceall faithche an chaisleain ar an each is luaithe dá bfuil aige. Geobhaidh tú sin, agus nuair a bheas tú ag dul timcheall fagh greim ar laimh an cailin agus tabhair culóg dí. Imthighidh libh annsin agus feicfidh mise sibh airíst gan moran moille.
    Rinneadh mar adubhrad. Agus ba ghearr go bhfaca an buacaill óg agus an cailín an sionnach in a luighe rompa ar an mbóthar. Comhairligh sé an buacaill ceard a deanfadh sé i gcaislean Rí Ean na gCleití nÓr.
    Nuair a thainic an buacaill go dtí an caisleán chuir an Rí fáilte roimhe. Bhí an t-éan i gcliabhan óir i lár na páirce ar aghaidh an chaisleáin. Bhí sí ag seinnm an ceoil ba bhreaghtha dar chualaidh cluas duine ríamh. Dubhairt an buacaill go gcaithfeadh sé comhairle a thabhairt don Rí agus dá lucht leanamhna leis a gcaoi a bfearr an chapall do threorú. Chuaidh sé timcheall na paírce (é féin agus an cailin ar chulog) go minic agus bhí gach timceall nios lugha na an ceann roimhe sin, agus bhí sé ag treorú an chapaill nios goire don ean chulle bhobhta a racadh sé thart. Sa deire sgiob sé an t-éan agus an gcliabhan leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tadg Ó Laidigh
    Inscne
    Fireann