Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Iománaíocht Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá léana breágh sa bparóiste seo agus sé an tainm atá air Léana an Bháire. Do bhiodh baire agus cluichí ann fadó - rith agus caitheamh léim - an chloc neart - dornáil agus carraigheacht.
    Do bhí faisiun ag muinntir na háite seo fadó Cluiche Iomainíochta a ghlaodhach ar bheirt ecínte ón áit - fear óg agus bean óg go hiondúil. Dá nglacfadh an bheirt seo leis an geall seo do bhiodh ortha cuire a thabhairt dá gcairdibh theacht le cheile ag an gcruinniú. Ar an Domhmnach do bhiodh an cluiche ann i gcomhnaidhe. Ní ceapadh na sean daoine go mbeadh sé ádhamhail gan seasamh leis an glaodh.
    Théis an Aifrinn thigeadh an dá dhream le ceile agus bhiodh an cluice peile ann, amannta ar an mbóthar agus amannta i bpaírc. Dá mba ar an mbothar a bheadh an cluiche an fuireann a thogfad an liathroid leo an píosa bothar a bhiodh leagtha amach aca roimh ré bhiodh an báire aca.
    San oidhche do bhiodh damhsa ann agus ceol. Do bhiodh mar dualgas ar an mbnaoi óig biadh agus deoch a thabhairt don meid a bheadh ann agus caitfeadh an fear óg neart poitín a thabhairt don dream a bheadh ag an gCruinniú. Caitheadh na fir a bheadh i lathair an piobaire d'íoch.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge