Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 124
  3. XML “Raiftearaí agus Seán Mór na Creige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear do b'ainm dó Seán Ó Máille 'na chomhnaidhe ar an Learagan, Roscathail, Co. na Gaillimhe tráth. Seán Mór na Creige thugadh na daoine air go hiondúil. Fear mór cumasach laidir a bhí ann. Ní raibh cur síos na teora le na chuid nirt, cé nach raibh sé i riocht an neart a cur i gníomh go maith. Sé an chaoi a raibh sé an-laidir gan a bheith stuama.
    Lá a raibh bainfeis san áit thainic Raifterí. Sul a raibh an oidhche thart chuaidh sé ag caraidheacht le Seán Mór. Leis an gcead craitheadh a thug sé do Sheán chuir sé ar a leath gluin é. D'eirigh Sean agus rug sé ar Rafterí, agus leis an craitheadh thug sé dó leag sé ar an talamh é.
    Ar eirge dóibh dubhairt an Reachtabhrac " Tá mé ag dul amú nil sé Seán Mór na Creige a bhí ag caraigheacht liom. Dá mbeadh a fhios agam ar dtus gur bé bhí ann bheadh faitcios orm bacadh leis, tá sgeul a nirt i mbeul gach aoinne "
    D'freagair Seán é "Dá mbeadh a fhios agam-sa " ar seisean " gur bé Rafterí an File a bhí ag caraidheacht liom ní leagfainn lámh air. Ta an oiread sin measa agam ar a cheol agus ar a chuid filiochta. "
    Chaith Rafterí an oidhche ag an mbainreis ag seinnm ceóil don comhluadar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge