Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Cath Chluain Tarbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. CATH CLUANA TARBH

    Ba í Bébhfionn Ní Fhlaithbeartaigh, máthair Bhríain Bhorúmha. An tám sin bhí na Fláthbeartaig i réim agus i gceannas i Mágh Seola - limistéar mór fada talmhan i gConndae na Gaillime a síneann ó Baile Átha an Ríogh i gConndae na Gaillimhe go Sruth Fhola i gConndae Mhuigheo. Bhí na Flaithbeartaig teann teanntásach an uair sin, agus réir cunntas na ndaoine thugadar congnamh do Bhrían anaghaidh na Lochlannach ag Cath Cluana Tarbh. Chuaidh idir míle agus dhá míle ó Chonamara le cuidiu le Brían. Do shéol an cuid is mo aca seo treasna Locha Coirib ón bPaírc agus ó Dhoirín na Paírce (taobh thoir den loch, Loch Oirbsean) do Curra 'n Dola (taobh thoir do Loch Coirib) Tá sé raidhte go bhfuil chuid mhaith do na badaibh a bhí aca fós ag tóin an locha ag Curra 'n Dola, thíos faoi an uisge. Curraca a bhí i gcuid díobh agus baid adhmaid i gcuid eile aca.
    ( An tám sin féin bhí ceannas ecínte ag na Flaithbeartaigh ar Chonamara )
    Deirtear gurbh iad na Flaithbheartaigh a bhí i dtosach an airm amach ag tosú catha - bhí an oiread sin dócas ag Brian asta.

    Fuair me an cunntas seo ó
    Tadg O Concubhair,
    Ant Teach Doighte
    Roscathail
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadg Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bléan Óráin, Co. na Gaillimhe