Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 601
- XML “An Leasmháthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'iarradar uirthí an sneachta a chartadh timcheall an dorais agus chart.
Thugadar canna sméara dubha dhi annsin agus bhí sí ag dul abhaile nuair a casadh bean dhi agus í ag caoineadh.
D'fhiafruigh an cailín beag dhí céard a bhí uirthí agus dúbhairt sí go raibh sí ag fagháil bháis leis an ocras.
Thug an cailín beag a dóthain do na sméara dhi agus dubhairt an bhean léi uair ar bith a dteastóchadh tada uaithí glaodhach uirtí féin agus go mbeadh cabhair le fagháil aici.
Ní raibh sí i bhfad eile nuair a chonnaic sí sguan mhór éanacha ag dul anonn is anall ag tóraidheacht bídh.
Chaith an cailín slám mór de na sméara chuca agus labhradar léi.
Dúbhradar léi dá mbeadh sí i ngrádh aon lá go bráth glaodach ortha féin.
Nuair a bhreathnuigh sí ar an gcana arís bhí sé lán go clab agus ní raibh ceann bainnte as(leanann ar an chéad leathanach eile)