Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann fadó agus ní cluasa ar nós duine a bhí air acht cluasa ar nós capaill.
Ins an am sin, ní leigfidhe do dhuine ar bith a bheith in a righ acht duine a mbeadh sláinte mhaith aige agus freisin, duine nach mbeadh cos, lámh ná súil caillte aige.
Ní raibh a fhios ag aon duine acht aige féin go raibh na cluasa aisteacha seo air.
Nuair a chuirfeadh sé fios ar bhearbeóiribh mharbhuigheadh sé iad ar an bpuinnte is a bheadh sé beartha.
Ní raibh aon bhearbeóir timcheall na h-áite 'sa deire nach raibh marbhuighthe aige acht aon duine amháin.
Ní raibh mac ná inghean ag a mháthair acht é féin agus níor thaithnigh léi é a bheith marbhuighthe.
Mar sin chuaidh sí go dtí an rí agus d'iarr sí air gan a mac a mharbhughadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nioclas Ó Chuirín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe