Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 414

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 414
  3. XML “Nuair a Tháinig an Lá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a tháinig an lá dubhairt an t-athair leis an mac a dhul isteach ins an aill. D'fhiafruigh an mac dhe tuige agus d'innis an t-athair dhó.
    "Go deimhin muise ní ghabhfad," arsan mac "acht rachfhaidh mé suas ar thaobh an chnuic agus má sé an bás atá in ann dom gheobhfaidh mé bás annsin agus ní bheidh mé ag tarraingt ná toirnighe in-aice le aon dhuine."
    Ghread an mac leis agus suas leis ar thaobh an chnuic.
    Is dóigh liom gur Críostuidhe a bhí ann, acht pé'r bith Caitiligeach nó Protasdúnach a bhí ann thosuigh sé ar a pháidrín.
    Phléasg an tóirneach agus sgall an teintreach acht ní dhearna ceachtar aca paic ar mhac an duine uasail. Chuaidh seisean abhaile agus bhí iongh-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe