Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 333

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 333
  3. XML “An Bhaintreach agus a Triúr Iníon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean fadó ann agus bhí triúr ingean aici agus dubhairt an inghean ba shine go ngabhfhadh sí ar lorg aimsire. Rinne an mháthair cáca agus d'fhiafhruigh sí dho'n inghin cé aca a b'fhearr léithí, leath an cháca agus a beannacht, nó an cáca uilig agus a mallacht.
    Dubhairt an inghean, "tabhair dhom an cáca uilig" arsa an ingean "agus ná bac le do bheannacht ná do mhallacht." D'imtigh sí léithe agus ba ghearr go dtáinig sí go dtí teach beag nach raibh ann acht sean-bhean. Dubhairt an sean-bhean léithe, "go amach agus tabhair leat an séalán agus líón le uisge é agus tabhair isteach é. Chuaidh an cailín amach agus nuair a thóig sí an séalán as an tobar thuit an t-uisge as arís, chuaidh sí isteach, agus bhuail an sean-bhean í le slaitín droidheachta agus d'iompuigh sí i n-a cloich ghlas í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0431: The House in the Wood
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Rathallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    10
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Niadh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe