Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1)
Mo mhallacht go na corrachaí
Is mo mhallact go na báid
Mo mhallacht go na corracaí atá
thall ins an tráigh bháin
Siad a bhain mo cheathar dearbrathair díom
a raibh feilim aca ann.
Is nach cuma leis an gCealach
mar is é atá istigh ina náit.(2)
Báitheadh Tom is Peadar, is bhí eara mhór ina ndhiaidh.
Is dearbráthair eile Mairtín a báitheadh, fadó ariamh.
Is Michil bocht ba mheasa liom,
Ná a bhfaca tú ariamh.
Is mo mhallacht gun toin bháidhthe,
Is í a dfága mo cheann liath.(3)
Thorraí dhíbhse a dearbhrathaireacaí,
nach dtagann sibh i dtír.
Seacas a bheith ga mucáil idir fairraigí,
is gá gcuir ó thaobh go taobh.
Mar chaonfhadh sean-mhná an bhaile sibh
I gcleamhnas is i ngaol.
Is go gcuirfhidh connradh gheal orraibh,
amach ó láimh an t-saoir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mairtín Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65