Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 144
- XML “An Saighdiúir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)andhíos chuiche.
Chuir sé ropaí as, agus sgaoil sí síos go tóin an phuill é.
Nuair a fuair sé an lampa, tharraing
an chailleach aindíos é, agus nuair a bhí sé ar bhruach an tobair d'iarr sí an lampa air, agus dubhairt sé léithi fanact go mbeadh sé ar an talamh tirm.
Tháinig olc ar an gcailleach agus sgaoil sí an saighdiúr go tóin puill.
Bhí an fear bocht i gcruaidh chás annsin. Tháinig duil i ngail tobac aige.
Tharraing sé amach a phíopa agus thosuigh sé ghá dheargadh leis an solus a bhí ag teacht ó'n lampa.
Ar ionntughadh do bhoise tháinig fear beag ina láthair, agus thug sé an saighdiur suas ar an talamh.
Annsin mharbhuigh an saighdiúr an chailleach agus bhí go leor airgid aice. Annsin bhí inghean ag an rígh ag dubhairt sí na bpósfhadh sí aon fear go deo acht saighdiur.
Cuireadh isteach i dteach léithi féin í, is ní raibh cead ag aon duine a dhul ina goire acht an rí agus a bhean.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mairtín Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65