Scoil: Cloch na Rón (C) (uimhir rolla 15389)
- Suíomh:
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloch na Rón (C)
- XML Leathanach 192
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tráthnóna aoibhinn i Samhradh a bhí ann. Bhí fear ag siubhal ar an mbóthar cois na fairrge, nuair a chonnaic sé amach uaidh bean ag siubhal agus bréidín ar a ghualainn. Shiubhal an fear go tapaidh go dtáinic sé suas lei, mar cheap sé gur bean cómharsan a bhí innti, ach nior aithnigh sé í cor ar bith.
D'ionnsuigh an bhean é agus bhí sí ag iarraidh é a chaitheamh isteach ins an bhfairrge. Bhí sé ag iarraidh é fhéin a sábhailt uirri, stroic an bhean a éadan. Bhí a phaidrín aige in a phóca agus thóg sé amach é, nuair a chonnaic sí an paidrín d'imthigh sí as a radharc isteach san bhfairrge. Nuair a tháinic an fear abhaile fuair siad an sagart dhó agus bhí sé ag teact ag breathnú ar an fear ar feadh tamhaill.
Thárla sé sin i gConamara- Bailitheoir
- Íde Ní Chuimín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ceannadhubhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe