Scoil: Aill Bhreac (uimhir rolla 12103)
- Suíomh:
- An Aill Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eilís Bean Mhic Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Aill Bhreac
- XML Leathanach 149
- XML “An tAmadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 27ad Bealtaine, 1934Sgéul ó Máire Ní Chonghaile, Áillbhreac,
Fuair sí an sgéul ó n-a sean-athair, Marcus Mac Dhonnchadha, 73 bl.An t-AmadánFadó, fadó, bhí bean agus a mac i n-a g-comnuidhe i dteach beag. Bhí an bhean cliste acht amadán scíochnuighthe do béadh an buachaill. Lá amháin thainig duine uasal go dtí an doras agus bhuail sé air. Dubhairt an bhean leis 'Tar isteach agus suidh síos ag an teine". Thainig sé isteach agus shuidh sé síos. Bhí an t-amadán in a shuidhe ag an teine freisin. Do thuit an duine-uasal in a chodladh agus bhí sé ag bugairt a chinn. Dubhairt an t-amadán leis "Ná bí ag bugairt orm-sa mar sin", acht níor stop sé agus nuair nach stop sé do bhain an t-amadán an cheann de. Cuireadh an duine-uasal an lá in a dhiaidh sin. Tar éis sin, chuaidh an t-amadán ar sgoil, agus bhí feasóg ag fás air. Bhí na scolairí ag magadh faoi.
Nuair fuair a mhathair é ar sgoil, thóg sí an duine-uasal as an roilig, agus chuireadh é in áit éigin eile. Chuir sé ceann gabhair in san áit a bhí sé mar bhí fhios aici go maith go leigfeadh an t-amadán amach gur mharbh sé an duine-uasal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chongaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aill Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Marcus Mac Dhonnchadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73