School: Aill Bhreac (roll number 12103)

Location:
Aillebrack, Co. Galway
Teacher:
Eilís Bean Mhic Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Aill Bhreac
  2. XML Page 149
  3. XML “An tAmadán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 27ad Bealtaine, 1934
    Sgéul ó Máire Ní Chonghaile, Áillbhreac,
    Fuair sí an sgéul ó n-a sean-athair, Marcus Mac Dhonnchadha, 73 bl.
    An t-Amadán
    Fadó, fadó, bhí bean agus a mac i n-a g-comnuidhe i dteach beag. Bhí an bhean cliste acht amadán scíochnuighthe do béadh an buachaill. Lá amháin thainig duine uasal go dtí an doras agus bhuail sé air. Dubhairt an bhean leis 'Tar isteach agus suidh síos ag an teine". Thainig sé isteach agus shuidh sé síos. Bhí an t-amadán in a shuidhe ag an teine freisin. Do thuit an duine-uasal in a chodladh agus bhí sé ag bugairt a chinn. Dubhairt an t-amadán leis "Ná bí ag bugairt orm-sa mar sin", acht níor stop sé agus nuair nach stop sé do bhain an t-amadán an cheann de. Cuireadh an duine-uasal an lá in a dhiaidh sin. Tar éis sin, chuaidh an t-amadán ar sgoil, agus bhí feasóg ag fás air. Bhí na scolairí ag magadh faoi.
    Nuair fuair a mhathair é ar sgoil, thóg sí an duine-uasal as an roilig, agus chuireadh é in áit éigin eile. Chuir sé ceann gabhair in san áit a bhí sé mar bhí fhios aici go maith go leigfeadh an t-amadán amach gur mharbh sé an duine-uasal.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chongaile
    Gender
    Female
    Address
    Aillebrack, Co. Galway
    Informant
    Marcus Mac Dhonnchadha
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male
    Age
    73