Scoil: Baile Conghaile
- Suíomh:
- Baile Conaola, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. A. Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Conghaile
- XML Leathanach 109
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Lá breágh sa bhfóghmhar go raibh fear agus a fhoireann ag deasú angach tháinig sean-fhear a bhí ag dul an tslighe cómh fada leo.”
'Tá sibh ag deasú bail ó Dhia orraibh'.
'Muise is dona uainn é, bail ó Dhia ort féin' arsa an fear. 'An nglacfaidh sibh le láimh conghanta' arsa an sean fhear. Ar ndóigh níor chuir siad stop leis ach ba bheag an meas bhí acu air sul a thosaigh sé. Céad mogal inaghaidh ceann leo féin bhí sé indon a cheangailt.
'Is tú tá indhon bail ó Dhia ort angaigh a dheasú' ars an fear leis. 'Ó is fada mé ag gabhail don obair seo'. Nuair a bhí sé in árd tráthnóna chuaidh sé ag cainnt leis an bhfear gurb leis na heangaigh. 'Bhfuil sibh ag dul amach anocht.' 'Tá' arsa an fear . 'Glac comhairle ó shean-fhear' arsa sé 'agus ná téigir, óir níl bád den mhéid a rachaidh amach anocht nach mbeidh baidhte'.
'Deamhan an miste liom', arsa an fear ach rachaidh mé .......Ní féidir liom lucht bhreágh sgadán a chaileamhaint'.
'Níl maitheas i mo chuid cainnte' arsa an sean-fhear, 'ach má théigheann tú amach tóg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- T. A. Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)